We use cookies to make your experience better. To comply with the new e-Privacy directive, we need to ask for your consent to set the cookies. Learn more.
Leabhar cuimhneacháin é Éire 1916 atá bunaithe ar imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916. Leabhar mealltach ocht n-aonad é, scríofa ag múinteoirí a bhfuil tuiscint agus taithí acu ar an ábhar.
Tá fáil ar dhá leabhar sa tsraith agus moltar iad a úsáid mar seo a leanas:
Leabhar A Ranganna 3, 4, 5 (bunscoil)
Leabhar B Ranganna 5, 6 (bunscoil) agus Bliain 1, 2, 3 (iar-bhunscoil)
Tá fáil i gclár Éire 1916:
ar leabhar a bheidh mar sheod cuimhneacháin do dhaltaí
ar shraith sleamhnán Powerpoint do mhúinteoirí
ar chlár dea-eagraithe agus dea-struchtúrtha do scoileanna.
Tacaíonn Éire 1916 le Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Clúdaítear na príomhthéamaí:
- Pearsanra agus Príomhimeachtaí Sheachtain na Cásca, 1916
- An Forógra
- Ár mBratach Náisiúnta
- Mná agus Páistí i 1916
- Fíricí agus fianaise ó 1916.
Tá áthas ar CJ Fallon, i gcomhpháirt leis An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, an foilseachán cuimhneacháin seo a sholáthar mar chion na comhlachta do Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.
Praghas Speisialta do Scoileanne: €4·95 (gan postas)
Tuilleadh eolais ar fáil ó CJ Fallon ag: [email protected] nó 01 6166490. De rogha sin, is féidir leat foirm ordaithe a íoslódáil ó anseo.
SKU: 9780714421674
