Skip to Content

Fiuntas Nua (SET) Pack (2025 Edition)

39.95 € 39.95 €

  • ISBN 13
  • Level
  • Class/Year
  • Subject
  • Author
  • Publisher
  • Edition
  • Format
  • Condition
ISBN 13: 9781802301946
Level: Secondary
Class/Year: Leaving Cert
Subject: Irish / Gaeilge
Author: Yvonne O Toole & Elizabeth Wade
Publisher: Edco
Edition: 3rd / New Edition
Format: Paperback / softback
Condition: New

Fiúntas Nua - Pack - 3rd / New Edition (2025)

Cúrsa iomlán le haghaidh na hArdteistiméireachta Gaeilge ardleibhéal

Eagrán nuashonraithe é seo den leabhar móréilimh a chlúdaíonn riachtanais na litríochta nua ar fad go cuimsitheach agus atá in oiriúint do scrúdú na hArdteistiméireachta, ardleibhéal:

  • Cuirtear an fhilíocht agus an prós nua i láthair ar bhealach bríomhar, tarraingteach, mar aon le nótaí cuimsitheacha agus ceisteanna agus freagraí samplacha bunaithe ar cheisteanna scrúdaithe
  • Leagan amach soiléir agus ildaite; cur chuige dalta-lárnach
  • Cabhraítear le daltaí a gcuid scileanna léamhthuisceana, scríofa, cluastuisceana agus cainte a fhorbairt
  • Tá na topaicí ábhartha agus cothrom le dáta san aonad ceapadóireachta/léamhthuisceana; tá cleachtaí cluastuisceana, cainte agus scríofa comhtháite san aonad seo freisin
  • Cabhraíonn scafláil nua leis na daltaí a gcuid scileanna scríofa a fhorbairt
  • Treoracha agus nótaí cuimsitheacha faoin tslí leis na ceisteanna ar fad sna léamhthuiscintí a fhreagairt
  • Cuimsíonn an t-aonad faoin scrúdú cainte topaicí a scrúdaítear go minic, stór focal ábhartha agus cleachtaí athbhreithnithe
  • Éascaíonn an réimse maith cleachtaí nuashonraithe san aonad cluastuisceana ullmhúchán le haghaidh an scrúdaithe; tá cleachtaí breise comhtháite san aonad ceapadóireachta/léamhthuisceana freisin
  • Tá aonad fairsing gramadaí ann ina bhfuil réimse mór cleachtaí Fiúntas Nua: acmhainní do dhaltaí
  • Aip Fuaime Edco (Edco Audio App), ar a bhfuil scrúduithe 1-5 ón aonad cluastuisceana, trialacha 1-6 ón leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú', ceisteanna agus freagraí samplacha don scrúdú cainte, na dánta ainmnithe agus an prós ainmnithe
  • Leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú', ina bhfuil ábhar breise don scrúdú cainte agus na ceisteanna cluastuisceana do thrialacha 1-6
  • Leabhrán 'Sraith Pictiúr', ina bhfuil an 20 sraith pictiúr a bheidh sa scrúdú cainte, chomh maith le stór focal agus ceisteanna a bhaineann leo

PRÓS AGUS FILÍOCHT NUA

Fiúntas Nua: acmhainní do mhúinteoirí

  • Aip Fuaime Edco (Edco Audio App), ar a bhfuil scrúduithe 1-5 ón aonad cluastuisceana, trialacha 1-6 on leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú' (le míreanna athráite) agus an t-ábhar próis (tá CD na múinteoirí ar fáil ach iarratas a dhéanamh)
  • Tá Fiúntas Nua ar fáil mar ríomhleabhar do mhúinteoirí ag www. edcolearning.ie
  • Leabhar an mhúinteora, ina bhfuil ábhar breise don cheapadóireacht, don léamhthuiscint, don scrúdú cainte agus cleachtaí scríofa; tras-scríbhinní na míreanna fuaime do scrúduithe 1-5 ón aonad cluastuisceana agus do thrialacha 1-6 on leabhrán 'Cleachtadh don Scrúdú', chomh maith leis na míreanna fuaime comhtháite ón aonad ceapadóireachta/léamhthuisceana
  • Treoracha, nótaí agus samplaí cuimsitheacha faoin tslí leis na ceisteanna ar fad sna léamhthuiscintí a fhreagairt
  • Leabhrán 'Sraith Pictiúr', ina bhfuil an 60 sraith pictiúr don scrúdú cainte, le stór focal agus ceisteanna (tá CD na múinteoirí ar fáil ach iarratas a dhéanamh)