Skip to Content

Taisceal (Free eBook)

24.55 € 24.55 €

  • ISBN 13
  • Level
  • Class/Year
  • Subject
  • Author
  • Publisher
  • Format
  • Condition
ISBN 13: 9780714426914
Level: Secondary
Class/Year: Transition Year
Subject: Irish / Gaeilge
Author: Emma Ní Nualláin agus Oisín Mac Cinnéide
Publisher: C J Fallon Ltd
Format: Paperback / softback
Condition: New

Taiscéal

Leabhar saothair don Ghaeilge san Idirbhliain is ea Taiscéal, ina bhfuil:

  • Seacht n-aonad bunaithe ar théamaí atá suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana (mar shampla: CV, laethanta saoire, taithí oibre agus imeachtaí scoile).
  • Béim ar an bhfoghlaim idirghníomhach chun meas agus grá don teanga a chothú sa rang, le meascán de chluichí, dúshláin, obair ghrúpa agus ceachtanna spraíúla i ngach aonad.
  • Deiseanna chun an teanga a labhairt go rialta chun muinín na ndaltaí a fhorbairt don scrúdú béil. Tá réamhrá do na sraitheanna pictiúr sa leabhar chomh maith.
  • Réimse filíochta agus amhrán le ceisteanna oiriúnacha agus deiseanna taighde.
  • Ceachtanna chun cur leis an stór focal agus siúl siar a dhéanamh ar an ngramadach.
  • Deiseanna le taighde idirlín a dhéanamh i ngach aonad agus úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun díriú ar an nGaeilge ar líne.
  • Ábhar oiriúnach do dhaltaí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil agus a oibreoidh i ranganna a bhfuil caighdeán measctha ann.
  • Spás scríbhneoireachta le gach ceacht. Feidhmeoidh Taiscéal mar phunann oibre ag deireadh na bliana.
  • Go leor ceachtanna traschuraclaim a bhfuil nasc acu le hábhair scoile eile.
  • Dúshlán ‘Comórtas na Gaeilge’ a spreagfaidh na daltaí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga i rith na bliana.

Taiscéal agus Treoracha Oifigiúla

  • Tá go leor ábhair in Taiscéal le cuidiú leat díriú i gceart ar na scileanna teanga: léamh, scríobh, éisteacht, caint agus gramadach.
  • Déanann an leabhar seo nasc idir an tSraith Shóisearach Nua agus Córas na hArdteistiméireachta chun daltaí a ullmhú don athrú sin sa chúigiú bliain.

Clúdaíonn an leabhar seo na gnéithe de na Cineálacha Cuir Chuige Agus Modhanna Teagaisc atá leagtha amach don Idirbhliain ag an PDST.