Ta Gaeilge Agam! 3 (Set) (Free eBook)

29.50 € 29.5 EUR 29.50 €

29.50 €

  • SKU
  • Publisher
  • Condition

This combination does not exist.

Terms and Conditions
Shipping: 2-3 Business Days

Clúdaíonn Tá Gaeilge Agam! 3 gach gné de chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí idir theanga agus litríocht. Seo mar a fhreagraíonn leagan amach an leabhair do na trí shnáithe. Snáithe 1: Cumas Cumarsáide Na Bunchlocha Sna Bunchlocha, leagtar síos bunsraith na foghlama agus múintear an teanga atá riachtanach chun plé le hábhar agus le topaicí an aonaid. An Taifead Pearsanta Insíonn na daltaí a scéal féin sa Taifead Pearsanta trí úsáid a bhaint as na Bunchlocha. Coinníonn siad an taifead seo agus is féidir leo filleadh air arís agus arís eile agus iad i mbun tascanna ranga, tionscnamh agus cur i láthair. Seo Linn! Sa roinn seo, forbraíonn na daltaí a gcuid scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus labhartha ar bhealach cumarsáideach idirghníomhach. Éistimis! Sa roinn seo, cuireann na daltaí lena scileanna cluastuisceana, lena ngabhchumas teanga agus lena dtuiscint ar an teanga labhartha agus ar chanúintí na Gaeilge. Snáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha Cúinne na Gramadaí San aonad seo, déanann na daltaí iniúchadh ó thaobh na gramadaí ar na struchtúir nua atá foghlamtha acu. Tugtar an cleachtadh cuí dóibh chun na struchtúir a shealbhú. Cúinne an Chultúir Déantar nasc idir ábhar an aonaid agus gné de chultúr na Gaeilge sa roinn seo. Cúinne na Filíochta Cuirtear dán nó amhrán ón liosta ainmnithe faoi bhráid na ndaltaí sa roinn seo. Snáithe 3: Féinfheasacht an Fhoghlaimeora An Punann: Féinmheasúnú agus Logaí Foghlama Scrúdóidh na daltaí a gcuid foghlama féin sa roinn seo. Déanfaidh siad machnamh faoi threoir ar an dul chun cinn atá déanta acu go dáta. Ar an mbealach seo beidh siad in ann a gcuid aidhmeanna pearsanta foghlama a leagan amach. Súil Siar ar Obair na Chéad Bhliana Sa réamhaonad seo caitear súil siar ar na topaicí bunúsacha a chlúdaítear sa bhunscoil agus sa chéad bhliain iarbhunscoile (Mé Féin, Mo Theaghlach, Mo Scoil, Mo Chuid Caitheamh Aimsire srl.). Topaicí iad seo atá riachtanach do na tascanna ranga agus do na tionscnaimh agus na cuir i láthair a dhéanfaidh na daltaí mar chuid den Mheasúnú Rangbhunaithe (MRB 1) agus den Tasc Cumarsáideach (MRB2) sa tríú bliain. Litríocht Pléitear dhá dhráma, trí ghearrscéal agus seacht ndán ón liosta ainmnithe sa leabhar. Tá gearrscéal breise ar líne. Tá foclóir comhthreomhar taobh leis an téacs dfhonn cuidiú leis na daltaí gach saothar a léamh ar a gcompord. Is ar fhreagairt phearsanta/chumarsáideach a chuirtear an bhéim. Tugtar struchtúir theanga do na daltaí a chuirfidh ar a gcumas a dtuiscint agus a léamh pearsanta féin ar na saothair litríochta a chur in iúl go muiníneach cumarsáideach. Tugtar cuireadh dóibh léirmheas sciobtha a thabhairt ar an saothar tar éis dóibh é a léamh. Ansin, cuirtear cíoradh liteartha ar fáil dóibh a phléann na teicnící liteartha a mbaineann an t-údar nó an file úsáid astu. Ar deireadh thiar, iarrtar ar na daltaí a mbreith phearsanta féin a thabhairt ar an saothar le cabhair ó na struchtúir thuasluaite agus ón gcíoradh liteartha. De bhreis air seo déantar freastal ar an úrscéalaíocht sna nótaí agus san fhoclóir cuimsitheach a chuirtear ar fáil don sár-úrscéal Daideo le Áine Ní Ghlinn.

SKU 9780714426730
Publisher C J Fallon Ltd
Condition New