Taisceal (Free eBook)

22.25 € 22.25 EUR 22.25 €

22.25 €

  • SKU
  • Publisher
  • Condition

This combination does not exist.

Terms and Conditions
Shipping: 2-3 Business Days

Leabhar saothair don Ghaeilge san Idirbhliain is ea Taiscéal, ina bhfuil: Seacht n-aonad bunaithe ar théamaí atá suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana (mar shampla: CV, laethanta saoire, taithí oibre agus imeachtaí scoile). Béim ar an bhfoghlaim idirghníomhach chun meas agus grá don teanga a chothú sa rang, le meascán de chluichí, dúshláin, obair ghrúpa agus ceachtanna spraíúla i ngach aonad. Deiseanna chun an teanga a labhairt go rialta chun muinín na ndaltaí a fhorbairt don scrúdú béil. Tá réamhrá do na sraitheanna pictiúr sa leabhar chomh maith. Réimse filíochta agus amhrán le ceisteanna oiriúnacha agus deiseanna taighde. Ceachtanna chun cur leis an stór focal agus siúl siar a dhéanamh ar an ngramadach. Deiseanna le taighde idirlín a dhéanamh i ngach aonad agus úsáid a bhaint as acmhainní teicneolaíochta chun díriú ar an nGaeilge ar líne. Ábhar oiriúnach do dhaltaí Ardleibhéil agus Gnáthleibhéil agus a oibreoidh i ranganna a bhfuil caighdeán measctha ann. Spás scríbhneoireachta le gach ceacht. Feidhmeoidh Taiscéal mar phunann oibre ag deireadh na bliana. Go leor ceachtanna traschuraclaim a bhfuil nasc acu le hábhair scoile eile. Dúshlán Comórtas na Gaeilge a spreagfaidh na daltaí chun an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn taobh amuigh den seomra ranga i rith na bliana.

SKU 9780714426914
Publisher C J Fallon Ltd
Condition New